- Country: Ireland
‘Faic’ i mBuiséad 2027 don Ghaeilge, dóchas ag Aire na Gaeltachta go mbeidh ‘ardú mór’ i mBuiséad 2028
Tá cáineadh láidir déanta ag Sinn Féin agus Conradh na Gaeilge ar an méadú beag don teanga i mBuiséad 2027, ach deir Aire na Gaeltachta go raibh ardú mór i mbuiséad 2026 agus go bhfuil sé ag súil go bhfógrófar ardú mór eile do 2028